Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 3:11 - An Bíobla Naofa 1981

Cén fáth nár cailleadh mé sa bhroinn, Nach bhfuair mé bás ag teacht dom aisti?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Cred nár éug mé ar tteachd as an mbroinn? cred nach bhfuáir mé bás a nuáir tháinic mé amach as an mbolg?

Féach an chaibidil



Iób 3:11
15 Tagairtí Cros  

Uch nár dhún sé comhlaí na broinne orm Agus nár cheil an brón ar mo shúile.


Cén fáth ar ghlac dhá ghlúin liom, Cén fáth a raibh cíocha ann dom le diúl?


Go gceiliúra siad amhail uisce a shníonn le fána, go bhfeo siad amhail féar nuair a bhuailtear cos air.


Is ort atá mo sheasamh ó rugadh mé, ó bhroinn mo mháthar ba thú mo dhídean; ionat a bhíodh mo dhóchas i gcónaí.


Mar sin de mheas mé gur mhó ba mhéanar do na mairbh a bhí faoi shuan ná do na beo a raibh a saol rompu go fóill.


Ach an té nár rugadh fós agus nach bhfaca na hoilc a dhéantar abhus faoi luí na gréine is mó is méanar dósan ná do cheachtar acu.


Dá nginfeadh duine céad leanbh agus go mairfeadh sé mórán blianta sa chaoi go mbeadh saol fada aige, mar sin féin mura bhfaigheadh sé sásamh aigne as a chuid saibhris agus nach ndéanfaí é a adhlacadh go cóir ar deireadh, deirimse go mbeadh an marbhleanbh níos fearr as na é.


agus bíodh nach bhfeiceann sé an ghrian agus nach mbíonn eolas aige ar aon rud, is fearr an bhail a bhíonn air ná ar an duine úd.


“Éistigí liom, a theaghlach Iacóib, a iarmhair uile de theaghlach Iosrael! sibhse a bhí ar iompar agam ó saolaíodh sibh, a bhí mar chúram agam ó bhroinn na máthar i leith.


Is mairg domsa, a mháthair, gur rug tú mé i m'fhear caismirte agus i m'fhear achrannach don tír ar fad. Ní thugaim ar iasacht ná ní bhfaighim ar iasacht; ina dhiaidh sin mallaíonn gach aon duine mé.


de bhrí nár mharaigh sé mise sa bhroinn, go mbeadh mo mháthair ina huaigh agam fad a bheadh a broinn torrach orm.


Tabhair dóibh, a Thiarna, cibé rud is mian leat; tabhair dóibh broinnte a bhéarfaidh go hanabaí agus cíocha seasca.