Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 6:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Dá nginfeadh duine céad leanbh agus go mairfeadh sé mórán blianta sa chaoi go mbeadh saol fada aige, mar sin féin mura bhfaigheadh sé sásamh aigne as a chuid saibhris agus nach ndéanfaí é a adhlacadh go cóir ar deireadh, deirimse go mbeadh an marbhleanbh níos fearr as na é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 ¶ Má gheinion duine céud do chloínn, agus go mairfidh mórán blíadhan, ionnus go mbéid láethe a bhliadhan iomadamhuil, agus nach líontar a anam do mhaith, agus fós nach bhfúighe sé adhlacadh; a deirim, gur feárr gin nach ttig a hionbhuidh ná é.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 6:3
23 Tagairtí Cros  

Ar ardú a shúl do Éasau, chonaic sé na mná agus na miondaoine. “Cé hiad seo i do theannta?” ar sé. “An chlann a bhronn Dia ar do shearbhónta,” arsa Iacób.


Dúirt Iacób le Forann: “Tá céad agus deich mbliana fichead de shaol síorthaistil caite agam; ní fada ná ní fónta blianta mo ré agus níl siad chomh fada le blianta saoil m'aithreacha ina síorthaisteal.”


Bhí deichniúr mac agus trí fichid ag Acháb sa tSamáir, agus scríobh Iéahú litir agus sheol í go dtí an tSamáir, go huachtaráin na cathrach, go dtí na sinsir agus go lucht altrama chlann Acháb, á rá:


Ach nuair a chuadar á hadhlacadh, ní bhfuaireadar ach a cloigeann, a cosa agus a dearnana.


Agus thogh sé mo mhac Solamh thar mo chlann mhac go léir - mar bhronn an Tiarna a lán mac orm - le suí ar ríchathaoir an Tiarna i gceannas Iosrael.


Thug Rachabám grá do Mhácá iníon Aibseálóm thar a mhná agus a leannáin go léir. Bhí, dála an scéil, ocht mbean déag aige agus trí fichid leannán, agus bhí ochtar mac ar fhichid aige agus trí fichid iníon.


Cén fáth nár cailleadh mé sa bhroinn, Nach bhfuair mé bás ag teacht dom aisti?


Nó mar mharbhleanbh folaithe [nach raibh ann], Amhail naíonáin nach bhfaca riamh an solas.


Go gceiliúra siad amhail uisce a shníonn le fána, go bhfeo siad amhail féar nuair a bhuailtear cos air.


Sliocht a sleachta coróin na sean; a n‑athair glóir na clainne.


Ach an té nár rugadh fós agus nach bhfaca na hoilc a dhéantar abhus faoi luí na gréine is mó is méanar dósan ná do cheachtar acu.


Óir, d'ainneoin gur in aisce a thagann an marbhleanbh isteach sa saol agus go n‑imíonn sé leis sa dorchadas nó go mbíonn a ainm folaithe ann,


Adhlacfar é le hadhlacadh asail, á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amach as geataí Iarúsailéim.”


Mar sin, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím rí Iúdá: Ní bheidh duine ar bith aige le suí ar chathaoir ríoga Dháiví; agus teilgfear a chorp marbh amach chun an teaspaigh sa lá agus chun an tseaca san oíche.


Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b'ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n‑iarr siad comhairle orthu, agus a d'adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.


Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí