Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 28:17 - An Bíobla Naofa 1981

Níl dul ag ór ná ag gloine uirthi, Ná ní féidir soithí óir fhíre a mhalartú uirthi.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ní fhéadan an tór nó an críostal a comhmóradh: agus ní bhía a malairt ar shéuduibh dór fhínealta.

Féach an chaibidil



Iób 28:17
8 Tagairtí Cros  

Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír, Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.


Is fearr an eagna a aimsiú ná an t‑ór; tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.


Fáinne óir nó ornáid d'ór fíre, sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.


Glac le smacht uaimse in áit an airgid, agus le heolas in áit togha an óir.


Os cionn chloigne na n‑ainmhithe bhí mar a bheadh firmimint ann, ag soilsiú mar chriostal, agus é ag déanamh stua os a gcionn.


agus glóir Dé aici. Ba chosúil a lonradh le cloch rólómhar, mar chloch sheaspair ar ghile an chriostail.


Ansin thaispeáin sé dom sruth uisce na beatha, é glan mar chriostal, ag teacht ó ríchathaoir Dé agus an Uain.


Agus os comhair na ríchathaoireach tá mar a bheadh farraige gloine, cosúil le criostal. Agus i lár baill ag an ríchathaoir, agus mórthimpeall na ríchathaoireach, tá ceithre dhúil bheo atá lán de shúile chun tosaigh agus laistiar.