Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 28:12 - An Bíobla Naofa 1981

Ach an eagna, cá bhfuil sí le fáil Agus cá bhfuil teacht ar an tuiscint?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Acht cáit a bhfaghthar críonnachd? agus cáit a bhfuil ionad na tuigsiona?

Féach an chaibidil



Iób 28:12
14 Tagairtí Cros  

Tabhair do do shearbhónta croí tuisceanach le do phobal a rialú, chun an mhaith a aithint thar an olc; óir cé a d'fhéadfadh a bheith i gceannas ar an bpobal seo agat atá chomh líonmhar sin?”


Cuardaíonn sé foinsí na n‑aibhneacha, Agus nochtann don saol a mbíonn i bhfolach.


Ach inis dom, cad as don eagna? Agus cá bhfuil an tuiscint le fáil?


Ag Dia amháin is fios a cosán, Agus dó is eol a háit lonnaithe.


Agus dúirt sé leis an duine: “Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.”


Is ortsa amháin a pheacaigh mé; an ní is olc i do láthair a rinne mé. Ionas go mba léir gur ceart é do bhreith agus go dtugann tú breithiúnas gan locht.


Bhunaigh an Tiarna an chruinne ar a máithreacha le barr eagna, agus le barr tuisceana dhaingnigh sé na spéartha.


Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin agus téann sé ar sochar don mhuintir a fheiceann an ghrian.


is é sin, ar Chríost a bhfuil stóir uile na heagna agus an eolais i bhfolach ann.


Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.


Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.