Iób 21:2 - An Bíobla Naofa 1981 Tugaigí cluas ghéar do mo ráite, Agus bíodh an méid seo mar shólás agaibh uaimse. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Eístigh go dúthrachdach rem bríathra, agus bíodh so bhur núrgháirdighthe. |
Éistigí anois, le bhur dtoil, le mo ghearán, Agus tugaigí aird ar na hargóintí ó mo bhéal:
Nach minic a chuala mé a leithéid sin go léir cheana! Nach ainnis an lucht sóláis sibh!
An gcuirfidh tú srian go deo le do theanga? An gcaithfimid éisteacht, agus gan labhairt go pras?
Tugaigí cead cainte domsa chomh maith Agus nuair a bheidh deireadh ráite agam, ar aghaidh le bhur bhfonóid.
Éistigí lena bhfuil le rá agam, a shaoithe, Agus tugaigí cluas dom, a lucht an eolais.
Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann? Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.
Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n‑imeoimis le sruth.
Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá: “Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim, i dtreo go n‑éistfidh Dia libhse.