Ach rinne bhur n‑athair calaois orm agus d'athraigh mo thuarastal deich n‑uaire; ach níor lig Dia dó dochar a déanamh dom.
Iób 19:3 - An Bíobla Naofa 1981 Thug sibh tarcaisne dom deich n‑uaire Agus mhaslaigh sibh mé go mínáireach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Na deich núairesi do mhasluigheabhair mé: ní bhfuil náire oruibh go ndeárnabhair sibh féin coimhidhtheach dhamh. |
Ach rinne bhur n‑athair calaois orm agus d'athraigh mo thuarastal deich n‑uaire; ach níor lig Dia dó dochar a déanamh dom.
Nuair a chonaic Iósaef a dheartháireacha, d'aithin sé iad, ach ní dhearna sé ach caitheamh leo mar a dhéanfadh le daoine deoranta agus labhairt leo go borb: “Cad as daoibh?” ar sé. “Ó thír Chanán,” ar siad, “a thángamar chun bia a cheannach.”
Agus gach saor i mbun tógála bhíodh a chlaíomh ina chrios aige. Bhíodh fear an stoic le m'ais.
Má bhíonn an t‑olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é, Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth -
An ndéanfaidh na briathra a spalpann tú daoine a chur ina dtost? An ndéanfaidh tú fonóid, gan duine do do bhréagnú?
Fág go ndeachaigh mé amú, Nach bhfanann mo locht faram féin? [Labhair mé focail gan tairbhe, Ba trí dhearmad a labhair mé, agus le barr aineolais.]
Brisfidh mé bhur dteannta aráin agus beidh deichniúr ban chun arán a bhruith san aon oigheann; dáilfidh siad an t‑arán sin ina thomhaisíní, agus íosfaidh sibh é ach beidh ocras tar éis altaithe oraibh.
an mhuintir seo go léir a chonaic mo ghlóir agus na hiontais a rinne mé san Éigipt agus san fhásach, agus a rinne mé a phromhadh faoi dheich cheana féin gan géilleadh do mo ghlór