Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 19:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Fág go ndeachaigh mé amú, Nach bhfanann mo locht faram féin? [Labhair mé focail gan tairbhe, Ba trí dhearmad a labhair mé, agus le barr aineolais.]

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus go deimhin a ccás go ndéarna mé seachrán, fanaidh mo sheachrán agam féin.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 19:4
8 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Dáiví an t‑aingeal a bhí ag scrios an phobail, labhair sé leis an Tiarna: “Is mise a pheacaigh,” ar sé, “is mise a rinne an drochrud seo. Ach an tréad seo, cad atá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa mar sin, impím ort, agus ar mo chlann.”


Thug sibh tarcaisne dom deich n‑uaire Agus mhaslaigh sibh mé go mínáireach.


Má bhíonn sibh uaibhreach liom, Agus argóint i mo choinne a dhéanamh de mo náire,


Más eagnaí thú, téann sin chun do thairbhe; más fonóidí thú, tú féin amháin a bheidh thíos leis.


Féach, is liomsa an uile bheo, is liom anam an athar agus anam an mhic. An duine a pheacaíonn, eisean a éagfaidh.


Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.


Mar beidh a ultach féin le hiompar ag cách.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí