Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 1:15 - An Bíobla Naofa 1981

agus rinne na Saibéanaigh ruathar orthu gur sciobadar leo iad, agus mharaíodar na seirbhísigh le faobhar claímh; agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus thangadar na Sabeánuigh orra, agus rugadar léo íad; do mharbhadar fós na seirbhísigh le fáobhar an chloidhimh; agus tháinic misi amháin am áonar as dá innisin duit.

Féach an chaibidil



Iób 1:15
13 Tagairtí Cros  

agus Óbál agus Abamáél agus Seabá


Clann mhac Chúis: Sabá agus Havalá agus Sabtá agus Rámá agus Sabtacá. Clann mhac Rámá: Seabá agus Deadán.


Ba é Iocseán athair Shéabá agus Dadán. Ba iad clann Dadán: na hAisiúraím agus na Latúisím agus na Leumaím.


tháinig teachtaire ag triall ar Iób, agus dúirt leis: “Bhí an damhra ag treabhadh agus na hasail bhaineanna ag iníor ina ngaire


agus féach! tháinig gaoth mhór anall thar an bhfásach agus bhuail ceithre chúinne an tí i dtreo gur thit sé anuas ar na daoine óga gur éagadar uile, agus nár tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”


Bíonn carbháin Théamá ag súil leo, Agus is astu a bhíonn a muinín ag buíonta Sheaba.


Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí, ag triall air le tabhartais. Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seaba bronntanais chuige.


Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna: [Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis, muintir Shaba na bhfear mór ard, tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat; siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu. Sléachtfaidh siad i do láthair, agus guífidh siad thú, á rá: “Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann; níl dia eile ann ach é.”


Bhí ragairne an chomhluadair léi le cloisteáil os ard mar gheall ar an daoscar a tugadh isteach ón fhásach; chuir siad braisléid ar chaolta láimhe na mban agus corónacha breátha ar a gcinn.


an lá sin tiocfaidh fear ar a theitheadh ag insint an scéil duit.