Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Filéamón 1:21 - An Bíobla Naofa 1981

Agus mé á scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Táim ag scríobh chugat mar seo agus iontaoibh agam asat go dtabharfaidh dʼumhlacht ort nios mó a dhéanamh ná tá iarrtha agam ort.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Toisc muinighin bheith agam as d’umhlacht is eadh atáim ag scríobhadh chugat, agus a fhios agam go ndéanfair thar mar deirim.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Do sgríobh mé chugad, ar mbeith dhamh munighneach as húmhlachd, ar mbeith a fheasa agam go ndéuna tú ní sa mhó ná mar a deirim.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus mé dá scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim.

Féach an chaibidil



Filéamón 1:21
6 Tagairtí Cros  

má tá tú cinnte de, mar sin, gur giolla do na daill tú agus solas don mhuintir atá sa dorchadas,


Sin é go díreach an rud a scríobh mé chugaibh i dtreo, nuair a thiocfainn, nach brón a gheobhainn ó na daoine dar dual áthas a chur orm, mar bhí mé cinnte fúibh go léir go mba chúis áthais daoibhse áthas a bheith ormsa.


Is cúis áthais domsa go dtig liom bheith lánmhuiníneach asaibh.


Agus chuireamar bráthair dár gcuid lena gcois, fear a bhfuil a dhíograis tástáilte againn go mion minic agus gur díograisí ná riamh anois é le méid na hiontaoibhe atá aige asaibhse.


Tá muinín agam asaibh sa Tiarna nach é a mhalairt de thuairim a bheidh agaibhse. An duine seo atá do bhur suaitheadh, cibé ar bith é féin, íocfaidh sé as a choir.


Táimid cinnte de sa Tiarna go bhfuil sibh ag déanamh rud orainn cheana agus go leanfaidh sibh á dhéanamh.