An té a aimsíonn bean chéile, aimsíonn sé sonas, agus bíonn fabhar aige ón Tiarna.
Eoin 2:1 - An Bíobla Naofa 1981 An triú lá bhí pósadh i gCána sa Ghailíl agus bhí máthair Íosa ann. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) An tríú lá bhí bainis ann i gCána i nGalailí, agus bhí máthair Íosa ar an mbainis; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar an treas lá thárla pósadh i gCána na Gailile: agus bhí máthair Íosa ann. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus an tríomhadh lá ’n‐a dhiaidh sin do bhí bainis i gCána na Galilé; agus bhí máthair Íosa ann: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an treas lá do rinneadh pósadh ag Cána na Galilé; agus do bhí máthair Iósa ann: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus an trímhadh lá bhí pósadh d’á dhéanamh i gCána, sa Ghaililí, agus bhí máthair Íosa ann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An triú lá bhí pósadh i gCána na Gailíle agus bhí máthair Íosa ann. |
An té a aimsíonn bean chéile, aimsíonn sé sonas, agus bíonn fabhar aige ón Tiarna.
Tagann teach agus maoin mar oidhreacht athar, ach tagann bean chiallmhar ó láimh an Tiarna.
Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis.
Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.
Lá arna mhárach bheartaigh sé dul don Ghailíl agus fuair sé Pilib. Dúirt Íosa leis: “Lean mise.”
Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.
Bhí i bhfochair a chéile: Síomón Peadar, Tomás an Leathchúpla, Natanael ó Chána na Gailíle, agus clann Zeibidé, agus beirt eile dá dheisceabail.
Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum.
Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais.