Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Eizicéil 10:3 - An Bíobla Naofa 1981

Bhí na ceiribíní ina seasamh ar dheisceart an Teampaill ar dhul isteach don fhear; agus líonadh an chúirt inmheánach le néal.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Annois do sheasadar na cherubínigh ar thaobh deas an tighe, an tan do chuáidh an duine a steach; agus do líon an néull an chúirt dob fhaide a steach.

Féach an chaibidil



Eizicéil 10:3
7 Tagairtí Cros  

Dhíbir sé an duine, más ea, agus chuir sé na ceiribíní agus claíomh lasrach ag síorchasadh, os comhair ghairdín Éidin chun an tslí go crann na beatha a chosaint.


Do dhá cheann na cathaoireach déanfaidh tú dhá cheiribín óir; ór buailte a bheidh ina ndéantús.


Tháinig glóir an Tiarna isteach sa Teampall ag an ngeata thoir.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia. Dúnfar an geata thoir den chúirt inmheánach ar feadh na sé lá oibre. Osclófar é lá na sabóide agus lá na ré nua;


Rug sé go cúirt inmheánach theach an Tiarna mé; agus féach, ag doras Theampall an Tiarna, idir an póirse agus an altóir, bhí tuairim is cúigear fear is fiche, a ndroim le Teampall an Tiarna, a n‑aghaidh leis an oirthear, agus iad ag adhradh na gréine i dtreo an oirthir.


Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus d'ordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag griosú chun éada.


D'ardaigh glóir Dhia Iosrael ó na ceiribíní, mar a raibh sí, go tairseach an tí; agus ghlaoigh sé ar an bhfear in éadach lín a raibh adharc dúigh ina chrios.