Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 10:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Dúirt sé leis an bhfear in éadach lín: “Imigh isteach idir na rothaí atá ag casadh thart faoi na ceiribíní; tóg mám d'aibhleoga as an tine atá idir na ceiribíní, agus scaip iad ar fud na cathrach.” Isteach leis agus mé ag amharc air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do labhair sé ris an bhfear ar a raibh an línéadach, agus a dúbhairt sé, Imthigh a steach idir na rothaibh, eadhon fáoi an cherub, agus líon do lámh lé gúal teineadh idir na cherubínigh, agus cráobhsgaóil íad ós an ccathruigh. Agus dimthigh sé ann mo radharc.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 10:2
19 Tagairtí Cros  

Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.


Tógann an drong atá thart timpeall orm a gceann; go dtreascraí mailís a mbruas féin iad.


D'ísligh sé na spéartha agus thuirling sé, agus néal dubh dorcha faoina chosa.


Do dhá cheann na cathaoireach déanfaidh tú dhá cheiribín óir; ór buailte a bheidh ina ndéantús.


Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go gcloisfear mórgacht a ghlóir, agus taispeánfaidh sé lascadh a láimhe, i bhfraoch a chuid feirge, i gceartlár tine craosaí, i séideán báistí agus clochshneachta.


Istigh i measc na n‑ainmhithe bhí rud éigin a raibh cosúlacht aibhleog air, nó cosúlacht tóirsí ag preabadh anonn agus anall idir na hainmhithe; ba gheal í an tine agus tintreach ag scalladh aisti.


Nuair a ghluaiseadh na ceiribíní, ghluaiseadh na rothaí lena n‑ais; agus nuair a spréadh na ceiribíní a sciatháin le héirí suas ón talamh, ní chlaonadh na rothaí (ó bheith lena n‑ais).


Agus féach, an fear in éadach lín agus adharc dúigh scríobhaí ina chrios thug sé scéal leis ar ais ag rá: “Rinne mé mar a d'ordaigh tú dom.”


Ansin thóg an t‑aingeal an túiseoir agus líon é le tine ón altóir agus theilg ar an domhan é. D'éirigh raistí toirní, agus tormáin, agus tintreacha, agus crith talún.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí