Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Eazrá 3:1 - An Bíobla Naofa 1981

Nuair a tháinig an seachtú mí agus go raibh clann mhac Iosrael ina mbailte féin, chruinnigh an pobal go léir le chéile mar aon in Iarúsailéim.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus a núair tháinic an seachtmhadh mí, agus do bhádar clann Israel annsna caithreachaibh, do chruinnigheadar an pobal íad féin a gcionn a cheile amhuil aonduine go Hierusalem.

Féach an chaibidil



Eazrá 3:1
16 Tagairtí Cros  

Chuir na sagairt, na Léivítigh, agus cuid den phobal fúthu in Iarúsailéim, agus gardaí na ngeataí, na cantairí, na tíolacthaigh agus na hIosraelaigh eile ina mbailte féin.


Nuair a tháinig an seachtú mí agus go raibh clann mhac Iosrael ina mbailte féin, 1b chruinnigh an pobal mar aon duine amháin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce amach. D'iarr siad ar Eazrá an scríobhaí leabhar dhlí Mhaois a d'aithin an Tiarna d'Iosrael a thabhairt amach.


Agus fuair siad scríofa sa dlí a d'aithin an Tiarna trí Mhaois: “Tá clann Iosrael le maireachtáil i scáthláin le linn féile an tseachtú mí.”


“Bíodh sé seo mar dhlí síoraí agaibh: Ar an deichiú lá den seachtú mí, déanaigí troscadh, agus scoirigí den obair, idir thíorthaíoch agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc.


An chéad lá den seachtú mí, bíodh sé ina shaoire shollúnta agaibh, cuimhneachán fógartha ag séideadh an trumpa, comhthionól naofa.


“Is ea, tabharfaidh mé ansin beola glana do na ciníocha chun go nglaofaidh cách ar ainm an Tiarna, agus chun go bhfónfaidh siad dó de thoil a chéile.


Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí


Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu.


Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn.


“Tagadh do chuid fear go léir trí huaire sa bhliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh sé: ar fhéile an tSlimaráin, ar fhéile na Seachtainí, agus ar fhéile na dTaibearnacal. Ná tagaidís folamh i láthair an Tiarna,


Thionóil clann Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba, agus tír Ghileád, agus chruinnigh an chuallacht go léir mar aon chun an Tiarna i Mizpeá.