Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Zafainiá 3:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 “Is ea, tabharfaidh mé ansin beola glana do na ciníocha chun go nglaofaidh cách ar ainm an Tiarna, agus chun go bhfónfaidh siad dó de thoil a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Oír annsin iompocha mé chum na ndaóine teanga ghlan, chor go ngoirfid uile ar ainm an TIGHEARNA, dfoghnamh dhó maille re háontoil.

Féach an chaibidil Cóip




Zafainiá 3:9
21 Tagairtí Cros  

Labhair daoine an teanga chéanna agus na focail chéanna ar fud an domhain mhóir.


Rugadh mac do Shéat agus thug sé Eanóis mar ainm air. Eisean an chéad duine a ghlaoigh ar ainm an Tiarna.


Ó éirí go luí na gréine, go raibh ainm an Tiarna á mholadh!


Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad; molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna. Go maire bhur gcroí go brách!


Sa lá sin, beidh cúig bailte i dtír na hÉigipte agus teanga Chanán á labhairt acu, a thabharfaidh mionn dar Tiarna na Slua; beidh Cathair na Gréine ar cheann acu.


á dhéanamh sin le briathra mo bheola: Síocháin! Síocháin don uile dhuine, i bhfad agus i ngar! a deir an Tiarna. Sea go deimhin, tá mé chun tú a leigheas.”


Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt: “Seo, cuimleadh í seo le do bheola, tá do pheaca scriosta, tá d'urchóid clúdaithe.”


Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: “Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.


Táthaigh le chéile iad in aon bhata amháin ionas go mba aon bhata amháin i do láimh iad.


Óir líonfar an tír le heolas ar ghlóir an Tiarna mar a chlúdaíonn an t‑uisce grinneall na mara.


Cuirfidh an Tiarna scanradh a n‑anama orthu; mar cuirfidh sé déithe uile an domhain ar neamhní agus sléachtfaidh insí uile na náisiún go talamh roimhe, gach ceann acu ina áit féin.


Agus beidh an Tiarna ina rí ar an domhan go léir; ar an lá sin, ní aithneofar ach an Tiarna amháin mar Dhia agus ní bheidh aon ainm eile in airde ach a ainmsean.


Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin, tusa a chonaíonn sa Bhablóin;


Tógann an dea-dhuine dea-nithe amach as a dhea-stór, agus tógann an drochdhuine drochnithe amach as a dhrochstór.


Ná tagadh oiread agus drochfhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fointeach a oirfidh don ócáid agus a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.


Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b'shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí