Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.
Eazrá 2:1 - An Bíobla Naofa 1981 B'iad seo muintir an chúige a d'fhill ó dhaoirse agus ó dheoraíocht. Tar éis do Nabúcadnazar rí na Bablóine iad a dhíbirt go dtí an Bhablóin, d'fhilleadar go Iarúsailéim agus go Iúdá gach duine go dtí a bhaile féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Anois isíad so clann na tíresin do chúaidh súas as an dáoirsine, don luchd do rugadh innte, noch rug Nebuchadnessar rígh na Babilóine leis don Bhabilóin, agus tháinic a rís go Hierusalem agus Iúdah, gach uile dhuine dha chathruigh féin, |
Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.
Áiríodh Iosrael go léir de réir a gcraobha ginealaigh, agus tá siadsan scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá nuair a tugadh iad ar deoraíocht go dtí an Bhablóin de bharr a mídhílse.
Ba iad an chéad dream a chuir fúthu arís ina dtailte agus ina gcathracha ná na hIosraelaigh, na sagairt, na Léivítigh, agus freastalaithe an Teampaill.
Ba é líon na soithí go léir d'ór agus d'airgead ná cúig mhíle ceithre chéad [seasca a naoi]. Thug Séisbeazar an t‑iomlán sin ar fad leis nuair a d'fhill na deoraithe ar ais ón mBablóin go Iarúsailéim.
Tháinig siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Saráiá, Raeláiá, Mordacaí, Bilseán, Miospár, Bigví, Rachúm, Báná. Liosta na bhfear de phobal Iosrael:
Chuir na sagairt, na Léivítigh, agus cuid den phobal fúthu in Iarúsailéim; agus gardaí na ngeataí, na cantairí, na tíolacthaigh, agus na hIosraelaigh eile, ina mbailte féin.
Bíodh a fhios ag an rí go ndeachamar go críocha Iúdá, go Teampall Dé Mhóir; tá sé á thógáil de gharbhóga móra cloch, agus tá síleáil d'adhmad á cur leis na ballaí; tá an obair á déanamh le barr cáiréise, agus tá sí ag dul chun cinn le fuinneamh a ngéag.
agus fuarthas in Eacbatana, an dúnfort i gcúige na Méide, scrolla ar a raibh scríofa: “Cuntas:
Um an dtaca sin rinne an mhuintir a d'fhill ón mbraighdeanas, na deoraithe go léir a d'fhill, íobairtí uileloiscthe a ofráil do Dhia Iosrael, dhá tharbh déag thar ceann Iosrael go léir, nócha sé reithe, seachtó seacht uan, agus, mar ofráil pheaca, dhá phocán déag; ofráladh an t‑iomlán mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
Seo iad na sagairt agus na Léivítigh a d'fhill le Zarubáibil mac Sheailtíéil agus le Iéisiúa: Saráiá, Irimia, Eazrá,
Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh! Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala; craolaigí é go críocha na talún. Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt!
Tabharfaidh mé Iosrael ar ais dá thalamh féaraigh; biafaidh sé ar Chairmeil agus ar Bháiseán, gheobhaidh sé a sháith ar shléibhte Eafráim agus Ghileád.
D'imigh Iúdá léi ar deoraíocht chun angar agus daoirse a sheachaint; cónaíonn sí i measc na náisiún ach ní bhfaigheann sí ionad suaimhnis ann; óir, tá an tóir tar éis teacht suas léi mar a bhfuil sí i gcúngrach mór.
Ag a naimhde atá an ceannas; tá a heascairde uile faoi rath; óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh de dheasca oll-líon a peacaí; tá a leanaí imithe ina gcimí os comhair a namhad amach.
Tá do phionósú curtha ar ceal, a iníon Shíón; ní dhíbreoidh sé thar tír amach thú choíche arís; ach smachtóidh sé thusa, a iníon Eadóm, de dheasca d'urchóide agus nochtfaidh sé do chuid peacaí.
Agus beidh cósta na farraige ag fuílleach theaghlach Iúdá; san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach; rachaidh siad chun suain um thráthnóna i dtithe Aiscileon, Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobh agus rathóidh sé iad arís.
Léigh sé an litir agus d'fhiafraigh cén cúige arbh as dó; agus nuair a fuair sé fios gurbh as an tSiléis dó, dúirt sé: