Eazrá 5:8 - An Bíobla Naofa 19818 Bíodh a fhios ag an rí go ndeachamar go críocha Iúdá, go Teampall Dé Mhóir; tá sé á thógáil de gharbhóga móra cloch, agus tá síleáil d'adhmad á cur leis na ballaí; tá an obair á déanamh le barr cáiréise, agus tá sí ag dul chun cinn le fuinneamh a ngéag. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)8 Bíodh a fhios ag an rígh, go ndeachamairne go cúigeadh Iudeáh, go tigh an Dé mhóir, noch do rinneadh le clochaibh móra, agus do leagadh adhmad ar na balladhuibh, agus atá a nobairsi ag dul ar a haghaidh go lúath, agus atá sí ag éirghe léo. Féach an chaibidil |