Zafainiá 2:7 - An Bíobla Naofa 19817 Agus beidh cósta na farraige ag fuílleach theaghlach Iúdá; san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach; rachaidh siad chun suain um thráthnóna i dtithe Aiscileon, Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobh agus rathóidh sé iad arís. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Agus bíaidh an costa aig fuighioll thighe Iudah; biathfuid air: a ttighthibh Ascélon luighfid síad síos tráthnóna: óir cúairteachuidh an TIGHEARNA a Ndía íad, agus fillfidh sé a ndáoirsine úatha. Féach an chaibidil |
Ceannóidh daoine garraithe ar airgead, déanfaidh siad amach cuntais, cuirfidh séala orthu agus glaofaidh ar fhinnéithe i dtír Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim, i mbailte Iúdá agus na sléibhte, sna hísleáin agus sa Neigib. Óir cuirfidh mé ar bun arís iad - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”