Ach níor mhaolaigh ar fhraoch feirge an Tiarna a bhí ar lasadh in aghaidh Iúdá de bharr a raibh de ghriogadh déanta ag Manaise faoi.
Eazrá 10:14 - An Bíobla Naofa 1981 Déanadh ár gceannairí ionadaíocht don chomhthionól go léir; tagadh an mhuintir inár gcathracha a thóg mná deoranta chucu ar am ceaptha agus seanóirí agus breithiúna ó gach cathair ina gcoimhdeacht, nó go gcuirfear dínn fraoch feirge ár nDé i dtaobh an ghnó seo.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Seasaidis anois ar núachdaráin an chomhchruinnigh uile, agus tigeadh gacha a ttug mná coimhightheacha dar ccathruigh a naimsir chinte, agus sinnsir gach aon chaithreach maille ríu, agus a mbreitheamhuin, nó go bhfilltear dibhfeirg Dé fán ccás so uáinn. |
Ach níor mhaolaigh ar fhraoch feirge an Tiarna a bhí ar lasadh in aghaidh Iúdá de bharr a raibh de ghriogadh déanta ag Manaise faoi.
Éistigí liom anois: scaoiligí saor na bránna a ghabh sibh ó bhur ngaolta mar tá fraoch feirge an Tiarna sa mhullach oraibh.”
Tá sé beartaithe agam anois conradh a dhéanamh leis an Tiarna, Dia Iosrael, i dtreo go gcasfaí fraoch a fheirge uainn.
Ná bígí stuacach anois mar a bhí bhur sinsir; géilligí don Tiarna, agus tagaigí chun a shanctóra, an sanctóir a choisric sé go síoraí; déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia le go gcasfaidh fraoch a fheirge uaibh.
Ach tá mórán daoine anseo agus is é séasúr na báistí é agus ní féidir dúinn fanacht amuigh faoin spéir. Ní gnó lae nó dhó é seo, mar pheacaigh a lán againn ar an tslí seo.
Níor chuir aon duine ina choinne sin ach Iónátán mac Asáhael agus Iachzaiá mac Thicveá, le tacaíocht ó Mhisiulám agus ó Sheabataí an Léivíteach.
Mar sin féin, toisc é bheith trócaireach mhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh. Is minic a chuir sé srian lena fhearg agus nár lig sé a racht amach orthu.
Déarfaidh tú an lá sin: “Tugaim buíochas duit, a Thiarna; bhí fearg ort liom ach tá d'fhearg síothlaithe agus thug tú sólás dom.
Dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg ceannairí uile an phobail, agus caith le faill i lár an lae ghéigil ghil i bhfianaise an Tiarna iad; ansin iompóidh cuthach feirge an Tiarna ó Iosrael.”
Ná coinnigh siar aon ní dár cuireadh faoi bhang i dtreo go gcasfadh an Tiarna ó fhraoch a fheirge, agus trócaire a dhéanamh ort, trua a bheith aige duit, agus an rath a chur ort mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha -
agus dul chun na sagart Léivíteach agus chun an bhreithimh a bhíonn in oifig; téigh i gcomhairle leo agus tabharfaidh siad a mbreith duit.
Thógadar carn mór cloch os a chionn, carn atá ann go dtí inniu féin. Ansin thug an Tiarna cúl le fraoch a fheirge. Uime sin tugadh Gleann an Mhí-Áidh ar an áit sin, agus sin é atá air go dtí inniu féin.