agus dúirt siad leo: “Ní thabharfaidh sibh na bránna anseo isteach nó beimid ciontach i bhfianaise an Tiarna. Tá sé i gceist agaibh cur lenár bpeacaí agus lenár gciontacht; ach is trom í ár gciontacht cheana agus tá fraoch feirge an Tiarna ag bagairt ar Iosrael.”
Dá bharrsan tháinig muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir le chéile in Iarúsailéim laistigh de thrí lá; ba é an naoú mí é, agus an fichiú lá den mhí. Chruinnigh an pobal go léir sa chearnóg os comhair Theampall an Tiarna. Bhí siad ar ballchrith de bharr na hócáide agus de bharr tulca báistí.
an mbrisfimidne d'aitheanta arís agus cleamhnais a dhéanamh arís leis na ciníocha a chleachtann a leithéid de ghráiniúlacht? Nach gcuirfeadh sin an oiread sin feirge ort go ndéanfá sinn a scriosadh i slí nach bhfágfaí fuíoll áir ná fear inste scéil?
agus dúirt: “A Dhia, tá ceann faoi orm agus lasaim le náire agus m'aghaidh á tógáil chugat agam, a Dhia liom, mar méadaíodh ár gcoireanna nó go bhfuil siad níos airde ná ar gceann, agus carnadh suas ár bpeaca ionas go sroicheann sé na flaithis.