Shín Maois a shlat amach os cionn talamh na hÉigipte agus sheol an Tiarna gaoth anoir thar an talamh agus shéid sí an lá sin agus an oíche sin gan stad, agus leis an láchaint thug an ghaoth anoir na lócaistí.
Eaxodus 7:9 - An Bíobla Naofa 1981 “Nuair a déarfaidh Forann libh: ‘Déanaigí míorúilt mar chruthúnas oraibh féin,’ ní foláir duitse a rá le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus caith síos ansiúd ar bhéala Fhorainn í agus déantar nathair nimhe di.’ ” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A nuáir laibheórus Phárao ribh, ag rádh, Taisbeanuidh míorbhuile ar bhur son fein: ann sin déara tusa ré Háaron, Glac do shlat agus teilg a bhfiaghnuisi Phárao í, agus do dhéantar nathair nimhe dhi. |
Shín Maois a shlat amach os cionn talamh na hÉigipte agus sheol an Tiarna gaoth anoir thar an talamh agus shéid sí an lá sin agus an oíche sin gan stad, agus leis an láchaint thug an ghaoth anoir na lócaistí.
Tóg an tslat seo i do láimh, agus leis an tslat seo a dhéanfaidh tú na comharthaí.”
Thóg Maois leis a bhean agus a mhac agus chuir ar muin asail iad agus ar ais leis chun na hÉigipte. Thug Maois slat Dé leis ina láimh.
“Caith ar an talamh í,” arsa an Tiarna, agus chaith sé ar an talamh í agus rinneadh nathair nimhe di, agus chúb Maois uaithi.
Ansin shín Maois a shlat i dtreo neimhe agus scaoil an Tiarna toirneach agus clochshneachta. Bhuail tintreach an talamh agus d'fhear an Tiarna clochshneachta ar thalamh na hÉigipte.
“Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.”
Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’
Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna fáidh.
Ach má dhéanaim, fiú amháin mura gcreideann sibh mé, creidigí sna hoibreacha, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh, agus go dtuigfeadh sibh, go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair.”
D'fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”
Dúirt siad leis: “Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh?