Uime sin chuireadar saoistí saothair os a gcionn chun iad a chloí le hualaí troma; agus thógadar na cathracha Pition agus Ramasaes d'Fhorann.
Eaxodus 2:11 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí Maois ina fhear chuaigh sé ar thuairisc a mhuintire lá agus chonaic sé cad é cruatan a bhí á fhulaingt acu; agus chonaic sé Éigipteach ag bualadh Eabhraigh, duine dá mhuintir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárrla fa nam sin, a nuáir do fhás Máoisi, go ndeachuidh sé amach mar a rabhadur a dhearbhráithre, agus gur fhéuch sé ar a núaluighibh: agus do chonnuirc Egipteach ag búaladh Eabhruidhigh, áon dá dhearbhráithríbh. |
Uime sin chuireadar saoistí saothair os a gcionn chun iad a chloí le hualaí troma; agus thógadar na cathracha Pition agus Ramasaes d'Fhorann.
Ansin dúirt an Tiarna: “Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.
Agus na maoir a cheap na saoistí saothair os cionn chlann Iosrael, sciúrsáladh iad agus fiafraíodh díobh: “Cén fáth nach bhfuil líon bhur dtasc de bhrící déanta agaibh inné ná inniu mar a bhíodh cheana?”
Dúirt rí na hÉigipte leo: “A Mhaois agus a Árón, cad chuige daoibh an pobal a bhreith óna saothar. Téigí i mbun bhur gcuid oibre!”
Agus lean Forann air: “Seo iad pobal na tíre dulta i líonmhaire agus an áil libh saoire a thabhairt dóibh ona saothar?”
Cuirtear breis oibre ar na fir seo i dtreo go gcaithfidh siad luí léi agus gan a bheith ag cur spéise i mbriathra baotha.”
Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.
Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d'fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach.
An troscadh is áil liom, nach é seo é? dar briathar an Tiarna Dia: Geimhleacha na héagóra a scaoileadh, an ceangal a bhaint den chuing; an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach, an uile chuing a bhriseadh;
“Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh.
“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;