Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 2:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Agus d'fhás an leanbh agus thug sí chun iníon Fhorainn é, agus bhí sé amhail mac aici, agus thug sí Maois air, “mar,” ar sí, “gur tharraing mé as an uisce é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus do fhás an leanamh, agus tug sí do inghin Phárao é, agus do bhí na mhac aice. Agus tug sí Máoise dainm air: agus a dubhairt sí, Do chionn gur tharruing mé as a nuisge é.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 2:10
11 Tagairtí Cros  

Agus dúirt aingeal an Tiarna léi: “Féach, tá leanbh ar iompar agat, agus béarfaidh tú mac, agus tabharfaidh tú Ísmeáél mar ainm air, mar gur éist an Tiarna le do ghlór buartha.


Luigh Ádhamh lena bhean arís, agus rug sí mac ar ar thug sé Séat, mar, a dúirt sí, “Bhronn Dia leanbh eile orm in áit Áibil mar gur mharaigh Cáin é.”


Anois an bheirt mhac a rugadh duit i dtír na hÉigipte sula dtáinig mise chugat san Éigipt, is liomsa iad; beidh Eafráim agus Manaise agam mar mhic ar aon dul le Reúbaen agus Simeon.


Shín sé a lámh chugam ó na harda agus sciob sé mé as na huiscí doimhne.


Agus dúirt iníon Fhorainn léi: “Beir leat an leanbh seo, agus oil dom é, agus ní fhágfaidh mé gan do thuarastal thú.” Thóg an bhean an leanbh agus d'oil.


Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”


d'fhonn an mhuintir a bhí faoin dlí a fhuascailt agus go ndéanfaí clann altrama dínne.


Trí chreideamh níor thoil le Maois, nuair a d'fhás sé suas, go dtabharfaí mac iníon Fhorainn air.


Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.


Ghabh sí gin, agus in am agus i dtráth rug sí mac agus thug Samúéil mar ainm air, toisc, ar sí “gur iarr mé ar an Tiarna é.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí