D'athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal, agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh.
Eaxodus 1:16 - An Bíobla Naofa 1981 “Nuair a bhíonn sibhse,” ar sé, “ag déanamh curam mná cabhartha do mhná na nEabhrach, agus nuair a fheiceann sibh iad ar a leaba seoil, más mac a bhíonn ann maraígí é; más iníon, bíodh a hanam aici.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé, A nuáir do bheithí ag deanamh oifige mná tuismighe do na mnáibh Eabhruidheach, agus do chifí íar ttuismeadh íad; más mac bhías ann, marbhuidh é; ach mas inghean bhías ann, biáidh sí beó. |
D'athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal, agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh.
Ansin labhair rí na hÉigipte le mná cabhartha na nEabhrach - bhí Sifreá mar ainm ar bhean acu, agus Púá ar an mbean eile.
Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”
Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’
D'imir an rí seo calaois ar ár gcine. Rinne sé leatrom ar ár sinsir agus chuir d'fhiacha orthu a leanaí a chaitheamh amach i dtreo nach mairfidís.
Trí chreideamh choimeád a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí nuair a rugadh é. Óir chonaic siad gur bhreá an leanbh é agus níorbh eagal leo ordú an rí.
Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith d'fhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é.