D'fhéach sé suas agus b'shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.
2 Samúéil 9:6 - An Bíobla Naofa 1981 Ar theacht i láthair Dháiví dó, chaith Meirí Bál mac Iónátán mhic Shóil é féin ar a bhéal agus thug ómós dó. “Meirí Bál!” arsa Dáiví. “Táim faoi do réir,” ar sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Anois a nuáir tháinic Mephibóset, mhac Ionatain, mhic Sauil, mar a raibh Dáibhi, do thuit sé ar a aghaidh, agus do rinne sé umhla. Agus a dubhairt Dáibhi, A Mhephibóset. Agus do fhreagair seision, Féuch do shearbhfhoghantuigh! |
D'fhéach sé suas agus b'shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.
Ghabh sé féin rompu amach agus shléacht sé go talamh seacht n‑uaire sular tháinig sé i láthair a dhearthár.
D'fhéach sé siar agus chonaic mise agus ghlaoigh orm, agus d'fhreagair mé: ‘Anseo dom.’
Ansin dúirt an rí le Zíbeá: “Is leat anois cuid Mheirí Bál go léir.” Dúirt Zíbeá: “Umhlaím duit. Gura fiú mé d'fhabhar a fháil i gcónaí, a thiarna mo rí!”
Rinne an rí anacal ar Mheirí Bál mac Iónátán mhic Shóil de bharr an mhionna dar an Tiarna a bhí eatarthu, Dáiví is é sin agus Iónátán mac Shóil.
Bhí mac ag Iónátán mac Shóil a raibh cosa bacacha faoi. Bhí sé cúig bliana d'aois nuair a tháinig an scéala faoi Shól agus Iónátán ó Izréil. D'ardaigh a mhuime léi é, ach ag teitheadh di faoi dheifir, thit sé agus d'fhág sin bacach é; Meirí Bál a ba ainm dó.
Nuair a d'imigh an giolla d'éirigh Dáiví ón áit ina raibh sé ag taobh an chairn agus chaith é féin ar a bhéal ar an talamh agus chrom faoi thrí. Ansin phógadar a chéile agus ghoileadar go fuíoch le chéile nó gur tháinig Dáiví chuige féin.
A luaithe a chonaic Aibíogáil Dáiví, tháinig sí anuas dá hasal faoi dheifir, chaith í féin ar a béal os comhair Dháiví, agus chrom chun talún.