Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 20:41 - An Bíobla Naofa 1981

41 Nuair a d'imigh an giolla d'éirigh Dáiví ón áit ina raibh sé ag taobh an chairn agus chaith é féin ar a bhéal ar an talamh agus chrom faoi thrí. Ansin phógadar a chéile agus ghoileadar go fuíoch le chéile nó gur tháinig Dáiví chuige féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 ¶ Agus ar ball ar imthigh an buachuill, déirigh Dáibhi ón ttaobh ó dheas, agus do thuit ar a aghaidh chum na talmhan, agus do chrom sé é féin trí huáire: agus do phógadar a chéile, agus do ghuileádar le chéile, nó gur sháruidh Dáibhi.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 20:41
20 Tagairtí Cros  

Ansin phóg Iacób Ráchael agus bhris a ghol air.


Nuair a chuala Lábán an scéala faoi Iacób, mac a dheirféar, rith sé chuige, rug barróg air, phóg go dil díocra é agus thug leis abhaile é. D'inis Iacób dó gach ar tharla.


Ach rith Éasau ina choinne, theann lena ucht é, chaith é féin ar a mhuineál, phóg é agus na deora leis.


Ba é Iósaef a bhí i gceannas ar an tír agus is é a bhí ag díol le gach a dtáinig. Agus tháinig deartháireacha Iósaef agus shléachtadar síos go talamh dó.


“Tá do shearbhónta, ár n‑athair, ar fónamh,” ar siad, “agus maireann sé fós”; agus chromadar a gceann agus rinneadar umhlaíocht dó.


Agus phóg sé a dheartháireacha go léir agus a dheora ag sileadh orthu, agus ansin labhair a dheartháireacha leis.


Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.


Tá mé caillte i do dhiaidh, a Iónátán, a dheartháirín ó. Ba thú mo lao is m'ansacht. Ba ghile liom do ghrá ná grá leannáin. 27 Conas a d'éag na gaiscígh? Conas a theip an trealamh catha?”


Tháinig an bhean ó Theacóá chun an rí, agus chaith sí í féin ar a béal ina láthair, agus thug ómós dó, agus dúirt: “Fóir orm, a rí!”


Dúirt an rí: “Téadh Ciomchám liom dá bhrí sin; cuirfidh mé cóir air mar is mian leat, agus aon ní a lorgóidh tú déanfaidh mé dó ar do shonsa.”


Ar theacht i láthair Dháiví dó, chaith Meirí Bál mac Iónátán mhic Shóil é féin ar a bhéal agus thug ómós dó. “Meirí Bál!” arsa Dáiví. “Táim faoi do réir,” ar sé.


Chrom Baitseaba chun talún ag déanamh ómóis don rí, agus dúirt an rí: “Céard is mian leat?”


“Seo é Nátán fáidh,” ar siad leis an rí. Agus nuair a tháinig sé isteach i láthair an rí chrom sé chun talún os comhair an rí.


Ansin chrom Baitseaba chun talún in ómós don rí: “Go maire mo thiarna Dáiví rí, go brách,” ar sí.


Bhí siad go léir ag gol go fuíoch, iad á gcaitheamh féin ar bhráid Phóil agus á mhúchadh le póga.


Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.


Rinne Iónátán conradh le Dáiví go dtabharfadh sé grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin.


Thug Iónátán a airm dá ghiolla ansin agus dúirt leis: “Imigh leat agus beir leat don chathair iad.”


Ina dhiaidh sin tháinig Dáiví amach as an bpluais freisin agus scairt sé ar Shól á rá: “A Thiarna, a rí!” Nuair a bhreathnaigh Sól ina dhiaidh, chrom Dáiví síos go talamh agus d'umhlaigh dó.


A luaithe a chonaic Aibíogáil Dáiví, tháinig sí anuas dá hasal faoi dheifir, chaith í féin ar a béal os comhair Dháiví, agus chrom chun talún.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí