Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




2 Samúéil 9:10 - An Bíobla Naofa 1981

Ní foláir duitse an talamh a shaothrú dó, thú féin agus do chlann mhac agus do dhaoráin; ní foláir duitse an fómhar a bhaint chun bia a sholáthar do chlann do mháistir. Ach Meirí Bál, mac do mháistir, beidh a bhéilí i gcónaí aige ag bord liom féin.” Bhí cúigear mac déag ag Zíbeá agus fiche daorán.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Saothrochtha tusa, agus do mhic ar a nadhbharsin, agus do sherbhísigh, an fearann dó, agus do bhéara tú a steach an sochar, chor go mbía beatha ag mac do mhaighistir re ithe: achd íosa Mephibóset mac do Maighistir arán ar mo bhordsa a ngnáth. Anois do bhí ag Síba cúig mic dhéug agus fithche searbhfhoghantúigh.

Féach an chaibidil



2 Samúéil 9:10
10 Tagairtí Cros  

“Agus cá bhfuil mac do mháistir?” arsan rí. D'fhreagair Zíbeá an rí: “Féach, d'fhan sé in Iarúsailéim, mar a deir sé: ‘Tabharfaidh teaghlach Iosrael ríocht m'athar ar ais dom inniu.’ ”


Bhí míle fear ó Bhiniáimin in éineacht leis. Zíbeá, searbhónta theaghlach Shóil, agus a chúigear mac déag, agus fiche seirbhíseach, shroich siad an Iordáin roimh an rí,


Rinne sé do shearbhónta a chúlghearradh i láthair mo thiarna an rí. Ach is cuma nó aingeal Dé mo thiarna an rí. Déan dá bhrí sin mar is fearr a fheictear duit.


Rinne an rí anacal ar Mheirí Bál mac Iónátán mhic Shóil de bharr an mhionna dar an Tiarna a bhí eatarthu, Dáiví is é sin agus Iónátán mac Shóil.


Dúirt Dáiví leis: “Ná bíodh eagla ort; taispeánfaidh mise cineáltas duit ar son d'athar Iónátán agus déanfaidh mé fearann uile d'athar, Sól, a thabhairt ar ais duit agus íosfaidh tú i gcónaí ag mo bhord.”


Ach maidir le clann mhac Bhairzilí ó Ghileád, bí lách leo faoi mar a bhíodarsan lách liomsa nuair a bhí mé ag teitheadh ó do dheartháir Aibseálóm, agus lig dóibh suí chun boird le do chuideachta.


Chuir Iahóiácaín a éide phríosúin i leataobh agus gach lá dá shaol chaith sé bia go rialta ag bord an rí.


Agus thug an rí liúntas rialta dó lena chothú, lá i ndiaidh an lae, ar feadh a shaoil fad a mhair sé.


Duine díobh seo a bhí ag bord leis, ar chloisteáil an méid sin dó, dúirt sé leis: “Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!”