Nuair a tháinig Ióáb agus an t‑arm go léir a bhí in éineacht leis, dúradh le Ióáb: “Bhí Aibnéar mac Néar ar thuairisc an rí, agus scaoil sé leis agus d'imigh sé faoi shíocháin.”
2 Samúéil 3:22 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí lucht leanúna Dháiví ag filleadh le Ióáb tar éis ruathair, agus bhí creach mhór á tabhairt acu leo. Ní raibh Aibnéar in éineacht le Dáiví ag Heabrón mar gur scaoil Dáiví leis, agus d'imigh sé go síochánta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus féuch thangadar searbhfhoghantuighidh Dhaibhi agus Ioab ó thóruigheachd buidhne, agus tugadar éadáil mhór leó: (achd ní raibh Abner a bhfochair Dháibhi ann Hebron; óir do chuir sé ar siubhal é, agus dimthigh sé a siothcháin.) |
Nuair a tháinig Ióáb agus an t‑arm go léir a bhí in éineacht leis, dúradh le Ióáb: “Bhí Aibnéar mac Néar ar thuairisc an rí, agus scaoil sé leis agus d'imigh sé faoi shíocháin.”
Bhí beirt fhear ag mac Shóil a bhí i gceannas ar bhuíonta foghla; Báná a ba ainm do dhuine acu, agus Raecáb a ba ainm don duine eile; ba chlann iadsan do Rimeon ó Bhaerót an Biniáimineach (mar áirítear Baerót le Biniáimin;
Théadh Dáiví agus a chuid fear amach ag tabhairt fogha faoi na Gisiúraigh agus na Girzigh agus na hAmáiléicigh, mar sin iad na treabhchais a áitríonn an dúiche a shineann ó [Thealam] i dtreo Shiúr chomh fada leis an Éigipt.