Ach chuir an rí a ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus na hoifigigh shinsir, agus d'imigh Ióáb agus na hoifigigh shinsir leo ó láthair an rí chun daonáireamh a dhéanamh ar phobal Iosrael.
2 Samúéil 24:5 - An Bíobla Naofa 1981 Ghabhadar thar Iordáin agus thosaíodar le hAroéir agus leis an gcathair atá i lár an ghleanna, agus ar aghaidh go Gád agus Iazaer. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do chúadar anonn tar Iordan, agus do fhosadar ann Aroer, don taóibh ó dheas don chathruigh atá a lár abhann Ghad, agus leath re Gaser: |
Ach chuir an rí a ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus na hoifigigh shinsir, agus d'imigh Ióáb agus na hoifigigh shinsir leo ó láthair an rí chun daonáireamh a dhéanamh ar phobal Iosrael.
Beidh a cuid bailte tréigthe go deo, agus tréada ag iníor ina n‑áit; luífidh siad síos iontu gan duine lena ruaigeadh.
Chuir Maois uaidh lucht taiscéalaithe ar Iazaer, agus ghabh Iosrael seilbh air féin agus ar na bailte go léir a bhí faoi, agus chuir sé na hAmóraigh go léir a bhí ann as seilbh.
Bhí táinte móra de bha breátha ag clann Reúbaen agus ag clann Ghád. Chonaiceadar anois gurb an-áit do stoc dúiche Iazaer agus dúiche Ghileád.
“Dúiche Atárot agus Díobon agus Iazaer agus Nimreá agus Heisbeon agus Eileálae agus Seabám agus Neabó agus Beon,
Ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón, agus ón gcathair i dtóin an chumair, ar aghaidh go Gileád, ní raibh cathair thar ár gcumas; thug an Tiarna ár nDia iad go léir ar láimh dúinn.
Ba iad seo a gcríocha: ó Aroéir ar imeall silteáin Arnón, agus an chathair i lár an choma, ardchlár Mhaedabá go léir,
Sé fearann a fuaireadar: Iazaer, cathracha uile Ghileád, leath-dhúiche na nAmónach, chomh fada le hAroéir sall os coinne Rabá,
an dúiche soir óAroéir ar imeall silteán Arnón, agus ón gcathair i lár an choma, agus ardchlár Mheadabá go léir chomh fada le Díobón;