Sheas seisean an fód agus bhí sé ag treascairt na bhFilistíneach go dtí gur éirigh a lámh chomh curtha sin gur cheangail sé í den chlaíomh. Thug an Tiarna bua mór chun críche an lá sin; d'fhill an t‑arm i ndiaidh Eileázár, ach ba chun creiche amháin a rinneadar sin.
Bhí seisean le Dáiví ag Pas Daimín nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ann. Bhí gort lán d'eorna ansiúd. Theith na saighdiúirí ó na Filistínigh.
Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia! Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus agus briseann tú fiacla na bpeacach. 8 A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir!