Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 3:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia! Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus agus briseann tú fiacla na bpeacach. 8 A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir!

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

8 Is leis an Tiarna an slánú: agus bíonn do bheannacht ar do mhuintir.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

8 Tig slánúghadh ó Dhia na sluagh, A’s beannacht oruibh chaoi’.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Is ón TTIGHEARNA thig slanughadh: atá do bheannachd air do phobal. Selah.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia! Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus agus briseann tú fiacla na bpeacach. 8 A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir!

Féach an chaibidil Cóip




Salm 3:8
22 Tagairtí Cros  

Ach sheas seisean an fód i lár an ghoirt, chosain é, agus mharaigh na Filistínigh. Chuir an Tiarna bua mór i gcrích ar an gcuma sin.


Is leat mé; déan mé a tharrtháil, toisc go lorgaim do phroiceapta.


Tabharfaidh an Tiarna neart dá phobal; beannóidh sé a phobal le síocháin.


Tá m'anam ag brath ort, saor mé ón namhaid is ó chách ar mo thóir.


Déan a bhfiacla a bhriseadh ina mbéal, a Dhia; stoith amach cúilfhiacla na leon, a Thiarna.


Go moltar a ainm go brách, fad a bheidh an ghrian ann. Is tríd a bheannófar gach treibh; beidh gach cine á mholadh.


Éirigh, a Thiarna! ná lig an bua leis an duine: tugtar breith ar na ciníocha i d'fhianaise.


Déantar an t‑each a ghléasadh le haghaidh lá an chatha, ach is é an Tiarna a bheireann bua.


Mise, is mise an Tiarna, agus níl slánaitheoir ann ach mé féin.


Is díomhaoin ina dhiaidh sin súil a bheith leis na harda, mar an gcéanna le scléip na sléibhte. Go deimhin is é an Tiarna ár nDia slánú Iosrael.


Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte. Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé, ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé.


Go n‑éirí lucht adhartha íol gan éifeacht as a mbaothdhílseacht dóibh.


Nuair a chuireadh an áirc chun bóthair deireadh Mhaois: “Éirigh, a Thiarna, agus go raibh scaipeadh ar do naimhde! Agus an dream a bhfuil fuath acu duit, Go dteithidís lena n‑anam romhat.”


Nuair a thóg Dia a sheirbhíseach is chugaibhse is túisce a chuir sé é chun go mbeannódh sé sibh trí gach duine agaibh a iompú óna chuid urchóide.”


níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”


Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, a bhronn orainn, i gCríost, gach tabhartas spioradálta sna flaithis.


Is é a dúirt sé ná: “Is iomaí beannacht a chuirfidh mé ort agus ní bheidh áireamh ar do shliocht.”


Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.


Ina dhiaidh sin chuala mé mar a bheadh glór mathshlua mhóir sna flaithis á rá: “Alleluia! Is lenár nDia slánú agus glóir agus neart.


Agus bhí siad ag glaoch de ghlór ard: “Slánú dár nDia a shuíonn sa ríchathaoir agus don Uan!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí