Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




2 Samúéil 21:6 - An Bíobla Naofa 1981

déantar seachtar mac leis a thabhairt ar láimh dúinn, i dtreo go ndéanfaimis iad a chrochadh os comhair an Tiarna i nGibeón ar shliabh an Tiarna.” “Tabharfaidh mé ar láimh iad,” arsan rí.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Tugthar móirsheisior dá mhacaibh dhúinn agus crochfam súas íad don TIGHEARNA a Ngibeah Shauil, noch do thogh an TIGHEARNA. Agus a dubhairt an rígh, Do bhéara mé dhibh íad.

Féach an chaibidil



2 Samúéil 21:6
22 Tagairtí Cros  

Faoi chionn trí lá tabharfaidh Forann cead do chinn gan cheann duit, agus crochfaidh sé ar chrann thú agus íosfaidh an éanlaith do chuid feola de do chnámha.”


chroch sé an príomhbháicéir. Sin mar a bhí mínithe ag Iósaef dóibh.


Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.


Chonaic duine éigin é seo agus thug sé an scéal do Ióáb: “Féach! chonaic mé Aibseálóm,” ar seisean, “agus é ar crochadh ó chrann darach.”


Rinne sé do shearbhónta a chúlghearradh i láthair mo thiarna an rí. Ach is cuma nó aingeal Dé mo thiarna an rí. Déan dá bhrí sin mar is fearr a fheictear duit.


Aichíeizir an taoiseach, Ióáis, beirt mhac Sheamá ó Ghibeá, Ízíael agus Peilit, mic Azmávat, Barácá agus Iéahú ó Anatót,


Tá an reacht seo á dhéanamh agam chomh maith: má sháraíonn aon duine an forógra seo, déantar cearchaill a staitheadh as a theach, déantar é a chéasadh uirthi, agus déantar carn aoiligh dá theach.


Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d'fhág an áit, d'imigh sé leis agus chroch é féin.


“Ina dhiaidh sin d'iarr siad rí a bheith orthu, agus thug Dia Sól mac Chís, fear de threibh Bhiniáimin, dóibh mar rí go ceann daichead bliain.


“Má dhéanann duine coir mharfach agus go gcuirtear chun báis é agus go gcrochann tú ar chrann é,


Ansin bhuail Iósua an buille báis orthu agus mharaigh iad agus chroch iad ar chúig crainn, agus fágadh crochta ar na crainn iad go tráthnóna.


Chroch sé rí Háí ar chrann go nóin agus le dul faoi na gréine d'ordaigh sé a chorp a thógáil anuas den chrann. Caitheadh é ansiúd sa bhealach isteach ag geata na cathrach agus tógadh carn mór os a chionn, rud atá ansiúd fós inniu.


Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.


Ansin dúirt Samúéil leis an bpobal ar fad: “An bhfeiceann sibh an té a thogh an Tiarna? Níl a leithéid i measc an phobail ar fad.” Ansin rinne an pobal go léir comhgháir á rá: “Fad saoil don rí!”


Chuaigh Sól freisin abhaile chun a thí i nGibeá, agus chuaigh an bhuíon gaiscíoch ar chorraigh Dia a gcroí in éineacht leis.


Nuair a tháinig na teachtairí go Gibeá le Sól agus a d'insíodar an scéala don phobal, chromadarsan ar ghol agus olagón.


Agus anois, féach, tá a fhios agam go mbeidh tú cinnte i do rí, agus go mbeidh ríocht Iosrael go daingean i do lámha.


“Mionnaigh dom anois dar an Tiarna nach ndéanfaidh tú mo shliocht i mo dhiaidh a dhíothú agus nach scriosfaidh tú m'ainm as teaghlach m'athar.”