Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 18:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Chonaic duine éigin é seo agus thug sé an scéal do Ióáb: “Féach! chonaic mé Aibseálóm,” ar seisean, “agus é ar crochadh ó chrann darach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus do chonnairc duine áirigh sin, agus dinnis sé do Ióab é, agus a dubhairt, Féuch, do chonnairc mé Absolon croichde a ndaruigh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 18:10
6 Tagairtí Cros  

ghabh Abrám tríd an tír go tearmann Sheicim, go Dair Mhóire. Agus bhí na Canánaigh sa tír an uair úd.


Dúirt Ióáb leis an té a thug an scéala dó: “Agus má chonaic tú é, cén fáth nár leag tú ar lár ar an toirt é? Thabharfainnse féin, le fonn, deich seicil airgid duit, agus crios chomh maith.”


Tharla d'Aibseálóm gur bhuail sé le cuid de lucht leanúna Dháiví. Bhí Aibseálóm ag marcaíocht ar mhiúil agus bhí an mhiúil ag dul faoi chraobhacha tiubha crainn mhóir darach. Chuaigh ceann Aibseálóm i bhfostú sa chrann darach agus fágadh ar crochadh idir spéir agus talamh é - ach an mhiúil a raibh sé ag marcaíocht uirthi, lean sí uirthi.


déantar seachtar mac leis a thabhairt ar láimh dúinn, i dtreo go ndéanfaimis iad a chrochadh os comhair an Tiarna i nGibeón ar shliabh an Tiarna.” “Tabharfaidh mé ar láimh iad,” arsan rí.


Nach tubaiste ar an gcoirpeach? Agus mí-adh ar lucht na hurchóide?


Ach d'fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí