Agus tháinic Ióab don tigh chum an rígh, agus a dubhairt sé, Thug tú náire a niugh daighthibh na serbhíseach uile, noch do chumhdaigh hanum a niugh, agus anmanna do mhac agus hinghean, agus anmanna do bhan, agus anmanna do leannán;
Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.
Thógadar Aibseálóm leo agus chaitheadar síos isteach i bpoll mór san fhoraois é agus thógadar carn mór os a leacht. Agus theith Iosrael go léir, gach duine chun a bhaile féin.
Ansin chuaigh Ióáb isteach sa teach chun an rí agus dúirt: “Tá náire shaolta á cur agat ar do shearbhóntaí go léir inniu agus gur shaor siad ón mbás inniu thú féin agus do chlann mhac agus iníonacha, agus do mhná agus do leannáin chomh maith;
Cé gur ungadh i mo rí mé, táim fann lag faoi láthair; tá na fir úd, clann mhac Zarúá, róbhorb dom. Go gcúití an Tiarna an t‑olc le fear a dhéanta de réir a dhrochbhirt!”
Uime sin rinne tú iad a thabhairt i lámha naimhde, Agus rinne siadsan géarleanúint orthu, i laethanta a ngéarleanúna ghlaoigh siad ort Agus thug tú cluas dóibh ó na flaithis. Le barr trócaire thug tú slánaitheoirí dóibh A d'fhuascail iad ó lámha a naimhde.
Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia! Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus agus briseann tú fiacla na bpeacach. 8 A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir!