Shroich an rí agus an mhuintir go léir a bhí in éineacht leis [an Iordáin] agus an-tuirse orthu, agus ligeadar a scíth ansiúd.
2 Samúéil 17:2 - An Bíobla Naofa 1981 Tiocfaidh mé suas leis agus tuirse agus lagmhisneach air; cuirfidh mé scanradh air agus teithfidh an mhuintir go léir atá ina theannta. Ní dhéanfaidh mé ach an rí féin a threascairt, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tiocfa mé air an feadh bhías sé curtha agus laglámhach, agus cuirfe mé eagla air: agus teithfid a bhfuil do dhaóinibh na fhochair; agus buailfidh mé an rígh amháin: |
Shroich an rí agus an mhuintir go léir a bhí in éineacht leis [an Iordáin] agus an-tuirse orthu, agus ligeadar a scíth ansiúd.
Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: “Lig dom dhá mhíle fear a thoghadh agus rachaidh mé sa tóir ar Dháiví anocht féin.
Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad (tríocha dó díobh): “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”
Agus deireadh ár naimhde: “Tiocfaimid aniar aduaidh orthu gan fhios gan radharc acu, ansin déanfaimid iad a threascairt agus deireadh a chur leis an ngnó seo.”
“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.
Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’
Ansin dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal mar gheall ormsa anocht, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t‑aoire agus beidh caoirigh an tréada arna scaipeadh.’
ná ní thuigtear daoibh gur fearr aon duine amháin a fháil bháis ar son an phobail, ná an cine go léir a dhul ar ceal.”
Bhuail sé leat ar an mbealach agus tar éis duit gabháil thar bráid, d'ionsaigh sé sibh i leith an chúil agus rinne eirleach ar an muintir go léir a bhí ar deireadh: nuair a bhí tú lag tnáite ní raibh eagla Dé air.