Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 22:31 - An Bíobla Naofa 1981

31 Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad (tríocha dó díobh): “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 ¶ Acht do aithin rígh na Síria da dhá chaiptin déug agus fithche, agá raibh ríaghladh ós cionn a charbad, gha rádh, Ná troidigh re neach beag nó mor, acht a mháin ré righ Israel.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 22:31
10 Tagairtí Cros  

Agus an mhuintir a bhí ag an doras, bhaineadar radharc na súl díobh go léir idir óg agus aosta i dtreo gur theip orthu an doras a aimsiú.


Tiocfaidh mé suas leis agus tuirse agus lagmhisneach air; cuirfidh mé scanradh air agus teithfidh an mhuintir go léir atá ina theannta. Ní dhéanfaidh mé ach an rí féin a threascairt,


Chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir le chéile - bhí dhá rí dhéag ar fhichid fairis, agus eachra agus carbaid - agus ghabh sé suas le léigear a chur ar an tSamáir agus í a ghabháil de ruathar.


Ansin um mheán lae rinne siad ruathar amach agus Bein Hadad ag cur meisce óil air féin faoi na scáthláin, é féin agus an dá rí déag ar fhichid a bhí ag cabhrú leis.


Ní mór duit déanamh mar seo: na ríthe go léir a chur óna gceannasaíocht agus ceannairí a chur ina n‑áit;


Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: “Sin é, ar ndóigh, rí Iosrael,” agus d'iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát a gháir chatha suas


Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad: “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”


Éagfaidh an mór agus an beag sa tír seo gan adhlacadh ná caoineadh; ní ghearrfaidh daoine iad féin, ní bhearrfaidh siad a gcloigeann ar a son.


agus ghabhadar na mná agus a raibh ann, idir bheag agus mhór ina mbránna, gan aon duine a mharú, ach na bránna a ghabháil agus imeacht leo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí