Ansin dúirt an rí le Zíbeá: “Is leat anois cuid Mheirí Bál go léir.” Dúirt Zíbeá: “Umhlaím duit. Gura fiú mé d'fhabhar a fháil i gcónaí, a thiarna mo rí!”
Annsin a dubhairt an rígh re Síba, Féuch, is leachdsa a bhfuil ag Mephibóset. Agus a dubhairt Siba, Iarruim go humhal ort go bhfaghá mé grása ad radharc, mo thighearna a righ.
Chaith Ióáb é féin ar a bhéal ar an talamh, thug ómós don rí, agus bheannaigh é. “A thiarna liom, agus a rí,” arsa Ióáb, “tá a fhios ag do shearbhónta anois go bhfuil fabhar faighte aige i do láthair, a thiarna rí, mar go ndearna an rí faoi mar a d'iarr a shearbhónta air.”
“Agus cá bhfuil mac do mháistir?” arsan rí. D'fhreagair Zíbeá an rí: “Féach, d'fhan sé in Iarúsailéim, mar a deir sé: ‘Tabharfaidh teaghlach Iosrael ríocht m'athar ar ais dom inniu.’ ”
Nuair a tháinig Dáiví a fhad le Bachúraím, amach le fear den sliocht céanna ónar shíolraigh clann Shóil. Simeí mac Ghéará ab ainm dó. Agus ag teacht dó bhí sé ag mallachtaigh leis
“A thiarna, mo rí,” ar sé, “mheall mo sheirbhíseach mé; mar dúirt do shearbhónta leis: ‘Cuir an diallait ar an asal dom, go rachaidh mé in airde air agus imeacht leis an rí,’ mar tá do shearbhónta bacach.
Ar theacht i láthair Dháiví dó, chaith Meirí Bál mac Iónátán mhic Shóil é féin ar a bhéal agus thug ómós dó. “Meirí Bál!” arsa Dáiví. “Táim faoi do réir,” ar sé.
“Ní leor aon fhinné amháin chun duine a dhaoradh i bpeaca nó i gcoir d'aon sórt a rinne sé; cibé coir a bhíonn i gceist is gá fianaise bheirt fhinné nó triúr chun aon chúis a dhearbhú.