Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 16:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Nuair a tháinig Dáiví a fhad le Bachúraím, amach le fear den sliocht céanna ónar shíolraigh clann Shóil. Simeí mac Ghéará ab ainm dó. Agus ag teacht dó bhí sé ag mallachtaigh leis

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 ¶ Agus a núair thaínic Dáibhi rígh go Bahúrim, féuch, tháinic as sin amach óglach do mhuinntir thighe Shauil, dar bhainm Símei, mac Géra: tháinic sé amach, agus é ag mallughadh do gnáth ag teachd.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 16:5
22 Tagairtí Cros  

Shroich an rí agus an mhuintir go léir a bhí in éineacht leis [an Iordáin] agus an-tuirse orthu, agus ligeadar a scíth ansiúd.


Ansin dúirt an rí le Zíbeá: “Is leat anois cuid Mheirí Bál go léir.” Dúirt Zíbeá: “Umhlaím duit. Gura fiú mé d'fhabhar a fháil i gcónaí, a thiarna mo rí!”


agus ag caitheamh cloch le Dáiví rí agus lena chuid oifigeach go léir, cé go raibh an t‑arm ar fad agus na gaiscígh uile thart timpeall ar an rí, ar dheis agus ar chlé.


Chonaic ógánach iad ámh agus d'inis an scéal d'Aibseálóm. D'imigh an bheirt leo go tapa agus thángadar go teach fir i mBachúraím; bhí tobar aigesean ina chlós agus síos leo ann.


Aibíalbón ó Bhéit Arabá. Azmávat ó Bhachúraím.


Chuir a fear chun bóthair ina teannta agus lean í agus na deora leis chomh fada le Bachuraím. Ansin dúirt Aibnéar leis: “Imigh leat ar ais,” agus rinne.


De bhrí gur bhain Dia mo chumas díom, agus gur threascair sé mé, Chaitheadar an béalbhach as a mbéal.


Bím gan chodladh agus mé ag caoineadh, mar éan ar dhíon tí ina aonar.


Mallachtaídís! ach bíse dár mbeannachadh; go ndéantar mo naimhde a náiriú agus go ndéana do ghiolla gairdeas.


Go bhfágtar a gcampa ina uaigneas; go bhfágtar a n‑áitribh gan neach iontu.


Ná tabhair masla do Dhia ná mallacht do rialtóir ar do phobal.


Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d'urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith.


Dála an ghealbhain a éalaíonn agus na fáinleoige a sceinneann, ní luíonn an mhallacht nach dual ar a sprioc.


Ná cuir mallacht ar an rí fiú i do chroí istigh; ná mallaigh lucht an tsaibhris ach oiread fiú i do sheomra codlata; óir b'fhéidir go n‑iompródh éanlaith an aeir do bhriathra chucu agus go n‑inseodh dúil sciathánach éigin an scéal.


Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocras agus leis an ocras tiocfaidh fearg orthu agus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia; ag amharc in airde dóibh


Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “An madra mise, a rá go bhfuil tú ag teacht i m'aghaidh le bataí?” Agus chuir an Filistíneach mallacht ar Dháiví dar a dhéithe féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí