Chuir Aibseálóm teachtairí ar fud treibheanna Iosrael go léir á rá: “A luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, abraigí: ‘Tá Aibseálóm ina rí i Heabrón!’ ”
¶ Ach do chuir Absolon luchd bratha ar feadh threabh Israel uile, dhá rádh, Ar ball a ccluinfidhe fuáim an stuic, annsin abruidh, Atá Absolon na rígh ann Hébron.
agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!”
Dúirt sé lena ghiollaí dá bhrí sin: “Féach, tá gort Ióáb taobh le mo ghortsa, agus tá eorna aige ann. Imígí agus cuirigí trí thine é.” Chuir giollaí Aibseálóm gort Ióáb trí thine.
Bhí cách i measc treibheanna Iosrael go léir ag aighneas: “D'fhuascail an rí sinn,” a deiridís, “ó chumhacht ar naimhde; shaor sé sinn ó lámha na bhFilistíneach; agus anois cuireadh an teitheadh air féin roimh Aibseálóm.
Chuaigh Dáiví ina dhiaidh sin i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé suas go ceann de chathracha Iúdá?” d'fhiafraigh sé. D'fhreagair an Tiarna é: “Téigh suas.” “Go cé acu a rachaidh mé?” d'fhiafraigh Dáiví. D'fhreagair sé: “Go Heabrón.”
Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’
Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna, agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael, de réir bhriathar an Tiarna trí bhéal Shamúéil.