Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.
2 Samúéil 14:4 - An Bíobla Naofa 1981 Tháinig an bhean ó Theacóá chun an rí, agus chaith sí í féin ar a béal ina láthair, agus thug ómós dó, agus dúirt: “Fóir orm, a rí!” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus a nuáir do labhair an bhean do Thecoah ris an rígh, do thuit sí ar a haghaidh chum na talmhan, agus do rinne umhla, agus a dubhairt sí, Tárrthuigh, O a rígh. |
Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.
Chaith Ióáb é féin ar a bhéal ar an talamh, thug ómós don rí, agus bheannaigh é. “A thiarna liom, agus a rí,” arsa Ióáb, “tá a fhios ag do shearbhónta anois go bhfuil fabhar faighte aige i do láthair, a thiarna rí, mar go ndearna an rí faoi mar a d'iarr a shearbhónta air.”
“Cad tá ort?” arsa an rí léi. “Mo chreach, is baintreach mé; tá mo chéile tar éis bháis.
Tháinig Aichímeáz i láthair an rí: “Bail ó Dhia ort!” ar sé, agus shléacht don rí agus chrom go talamh roimhe. “Moladh leis an Tiarna, do Dhia,” ar sé, “mar gur thug sé ar láimh an mhuintir a shín a lámh in aghaidh mo thiarna an rí.”
Nuair a d'imigh an giolla d'éirigh Dáiví ón áit ina raibh sé ag taobh an chairn agus chaith é féin ar a bhéal ar an talamh agus chrom faoi thrí. Ansin phógadar a chéile agus ghoileadar go fuíoch le chéile nó gur tháinig Dáiví chuige féin.
A luaithe a chonaic Aibíogáil Dáiví, tháinig sí anuas dá hasal faoi dheifir, chaith í féin ar a béal os comhair Dháiví, agus chrom chun talún.