“Cad a tharla? Inis dom,” arsa Dáiví leis. D'fhreagair sé: “Theith na daoine ó pháirc an áir agus thit a lán acu agus tá siad marbh. Tá Sól agus a mhac Iónátán marbh chomh maith.”
2 Samúéil 1:5 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin d'fhiafraigh Dáiví den óglach a thug an scéala: “Conas tá a fhios agat go bhfuil Sól agus a mhac Iónátán marbh?” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Dáibhi ris a nógánach dinnis sin dó, Gá fios duitsi go bhfuil Saul agus Ionatan a mhac marbh? |
“Cad a tharla? Inis dom,” arsa Dáiví leis. D'fhreagair sé: “Theith na daoine ó pháirc an áir agus thit a lán acu agus tá siad marbh. Tá Sól agus a mhac Iónátán marbh chomh maith.”
“Tharla ar Shliabh Ghiolboa mé,” d'fhreagair an t‑óglach, “agus ba shiúd é Sól ina luí ar a shleá agus na carbaid agus na capaill ag brú air go dian.
Géilleann an duine saonta do gach scéal, ach ní thugann an duine críonna léim an daill.