Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.
2 Ríthe 9:34 - An Bíobla Naofa 1981 Ghabh sé isteach ansin agus chaith bia agus deoch agus dúirt: “Féachaigí chun na mná mallachta sin anois agus déanaigí í a adhlacadh mar is iníon rí í.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan thainic sé a sdeach, dúaigh sé bíadh agus dibh sé deoch, agus a dubhairt, Eirghidhe, féuchuidh anois an bhean mhalluighse, agus adhluicidh í: óir is inghean rígh í. |
Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.
Dúirt Éilias le hAcháb: “Gabh ar ais agus bí ag ithe agus ag ól, mar cluinim tormán na fearthainne.”
Ní raibh macasamhail Acháb riamh ann, ar ndóigh, le hé féin a reic chun an t‑olc i súile an Tiarna a dhéanamh, agus é á spreagadh ag Ízeibil a bhean chéile.
“Caith anuas í,” ar sé. Agus chaitheadar anuas í agus scaip a fuil ar na ballaí agus ar na capaill, agus shatail siad faoina gcrúba í.
Ach nuair a chuadar á hadhlacadh, ní bhfuaireadar ach a cloigeann, a cosa agus a dearnana.
Beidh bhur n‑ainm ina eascaine ag mo mhuintir thofa, agus tabharfaidh an Tiarna Dia bhur mbás. Ach do mo sheirbhísigh tabharfar ainm nua.
[Is mairg] dá luíonn ar leapacha eabhair, a shíneann iad féin ar tholga; a chothaíonn iad féin ar uain an tréada, agus ar na gamhna as na stalla;
Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.