agus Iéahú mac Nimsí a ungadh ina rí ar Iosrael, agus Eilíseá mac Sheáfát ó Ábael Machólá a ungadh ina fháidh le teacht i do dhiaidh.
2 Ríthe 9:12 - An Bíobla Naofa 1981 “Scéal thairis,” ar siad. “Téanam agus inis dúinn.” “A leithéid seo, a dúirt sé,” ar sé; “seo mar a deir an Tiarna: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar Iosrael.’ ” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhradarsan, As bréagach sin; innis dúinn anois. Agus a dubhairt seision, Marso agus marso do labhair sé riomsa, gha rádh, Is marso a deir an TIGHEARNA, Do ung mé thú ad rígh ós cionn Israel. |
agus Iéahú mac Nimsí a ungadh ina rí ar Iosrael, agus Eilíseá mac Sheáfát ó Ábael Machólá a ungadh ina fháidh le teacht i do dhiaidh.
Ansin tháinig Iéahú amach go hoifigigh a mháistir. “An bhfuil gach ní ina cheart?” d'fhiafraigh siad de. “Cad a thug an ghealt seo chugat?” “Tá aithne agaibh air siúd agus tá a fhios agaibh cad deir sé,” ar sé.
Ansin ar an toirt thóg gach duine a bhrat agus leathadar faoi ar na leaca loma iad; shéid siad an trumpa agus chuir siad gáir suas: “Sé Iéahú an rí!”
Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.