Faoin am seo bhí sé díolta san Éigipt ag na Midiánaigh le Póitífear, feidhmeannach le Forann agus captaen an gharda.
2 Ríthe 8:6 - An Bíobla Naofa 1981 Cheistigh an rí an bhean agus d'inis sí an scéal dó. Ansin chuir an rí duine dá mhaoir ina feighil agus thug an treoir seo dó: “Féach chuige go bhfaighidh sí a maoin go léir ar ais, agus an teacht isteach go léir óna cuid talún ón lá a d'fhág sí an tír go dtí anois.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a nuáir dfíafruigh an rígh don mhnaói, do innis sí dhó. Marsin dórduigh an rígh oifigeach áirigh dhi, gha rádh, Aisig gach ar bhuáin léith, agus toradh a fearuinn uile ón ló fá ar fhág sí an fearann, gus a nois. |
Faoin am seo bhí sé díolta san Éigipt ag na Midiánaigh le Póitífear, feidhmeannach le Forann agus captaen an gharda.
Dúirt Dáiví leis: “Ná bíodh eagla ort; taispeánfaidh mise cineáltas duit ar son d'athar Iónátán agus déanfaidh mé fearann uile d'athar, Sól, a thabhairt ar ais duit agus íosfaidh tú i gcónaí ag mo bhord.”
Agus fad a bhí sé ag insint don rí conas mar a d'ardaigh Eilíseá an leanbh ó mhairbh, siúd í an bhean ar ardaigh Eilíseá a mac ón mbas agus í ag cur a héilimh faoina teach agus faoina talamh faoi bhráid an rí. “A thiarna mo rí,” arsa Eilíseá, “sin í an bhean cheannann chéanna, agus sin é a mac a d'ardaigh Eilíseá ó mhairbh.”
Tháinig Eilíseá go dtí an Damaisc agus bhí Bein Hadad rí Arám tinn. Dúradh leis: “Tá an giolla Dé tagtha anseo.”
D'fhéach Iéahú in airde i dtreo na fuinneoige, agus dúirt: “Cé tá liom? Cé tá?” agus d'fhéach dhá choillteán nó trí anuas air.
Chruinnigh Dáiví le chéile in Iarúsailéim feidhmeannaigh Iosrael go léir, uachtaráin na dtreibheanna, oifigigh na ndíormaí i seirbhís an rí, na ceannairí míle, agus na ceannairí céad, maoir maoine agus eallaigh an rí agus a mhic, agus, chomh maith leosan, na coillteáin agus na curaidh chróga chatha.
Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna, déanann sé cairde fiú dá eascairde.
Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce; iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.
Mura bhfuil sé láimh leat, nó murab aithnid duit é, tabhair leat abhaile é, agus coinnigh é nó go dtagann do dheartháir á lorg; tabhair dó ansin é.
D'fhreagair rí na nAmónach teachtairí Iaftá: “Mar, nuair a bhí Iosrael ag teacht as an Éigipt, ghabhadar seilbh ar mo thírse ón Arnón go dtí an Iaboc, agus go dtí an Iordáin. Tabhair ar ais é go síochánta anois, dá bhrí sin.”