Nuair a shroich sé Oifil, thóg sé uathu iad agus chuir i leataobh ina theach iad. Ansin lig sé na fir chun siúil agus d'imíodar.
2 Ríthe 7:8 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a tháinig na lobhair úd go himeall an champa, chuadar isteach i mboth agus chaitheadar bia agus deoch agus thugadar airgead agus ór agus éidí leo as, agus d'imíodar leo agus chuireadar i bhfolach iad. Ansin d'fhilleadar agus isteach leo i mboth eile agus chreachadar é agus d'imíodar agus chuireadar an chreach i bhfolach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus á núair thangadar na lobhairsi don chuid amuigh don champa, do chúadar go héanpháillíun, agus a dúadar agus do ibheadar ní ann, agus rugadar as sin ór, agus airgiod, agus eaduigh, agus do imthigheadar agus do fholchadar sin; agus thangadar a rís, agus do chúadar a steach a bpáilliún oile, agus rugadar leó as sin mar an gcéadna, agus dimthighedar agus dfolchadar é. |
Nuair a shroich sé Oifil, thóg sé uathu iad agus chuir i leataobh ina theach iad. Ansin lig sé na fir chun siúil agus d'imíodar.
Ansin dúradar le chéile: “Níl sé ceart againn! Seo lá dea-scéil agus seo sinn gan focal asainn! Má fhanaimid go maidin, is cinnte go ndéanfar díoltas orainn; téanam dá bhrí sin; téimis agus tugaimis an dea-scéala go pálás an rí.”
tá a théada scaoilte, ní choinníonn siad an crann seoil níos mó, ní chrochann siad an comhartha in airde. Roinnfear creach agus éadáil mhór ansin; go fiú na bacaigh, déanfaidh siad slad.
Bhí deichniúr fear orthu, áfach, a dúirt le hÍsmeáéil: “Ná maraigh sinne; tá stór bia i dtaisce againn faoin tuaith - cruithneacht agus eorna, ola agus mil.” Rinne sé anacal orthu, mar sin, agus níor mharaigh iad i measc a ndeartháireacha.
“Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d'aimsigh é d'fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.
Ach chuaigh fear na haon tallainne amháin agus rinne poll sa talamh agus chuir sé airgead a mháistir i bhfolach.
Nuair a chonaic mé, i measc na creiche, fallaing bhreá ó Shionár, agus dhá chéad seicil airgid, agus barra óir leathchéad seicil, chuir mé dúil iontu agus thóg mé iad. Tá siad i bhfolach, féach, faoin talamh istigh i mo bhoth; tá an t‑airgead in íochtar.”