d'fhreagair an feidhmeannach an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir arbh fhéidir é sin a theacht i gcrích?” Agus dúirt seisean: “Feicfidh tú é le do shúile cinn, ach ní íosfaidh tú greim de.”
2 Ríthe 7:20 - An Bíobla Naofa 1981 Agus sin é a tharla dó. Shatail na daoine air i mbéal an gheata agus fuair sé bás.) An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus is marsin deírigh dhó: óir do shaltradar an pobal air annsa gheata, agus fuair sé bás. |
d'fhreagair an feidhmeannach an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir arbh fhéidir é sin a theacht i gcrích?” Agus dúirt seisean: “Feicfidh tú é le do shúile cinn, ach ní íosfaidh tú greim de.”
Seo mar a bhí ráite ag Eilíseá leis an mbean a ndearna sé a mac a ardú ó mhairbh: “Éirigh, agus imigh leat ar an gcoigrích, tú féin agus do líon tí, mar tá gorta glaoite ag an Tiarna - tá sé ag teacht ar an tír cheana féin - ar feadh seacht mbliana.”
D'éirigh siad go moch ar maidin agus d'imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”
(Nuair a líon sé a bholg...) Scaoilfidh Dia fraoch loiscneach a fheirge go léir air, Agus fearfaidh sé neascóidí ar a chorp.
a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta, a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích. Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: “Bíodh cónaí inti!” agus faoi bhailte Iúdá: “Tógtar iad arís!” agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil.
is í an tSamáir ceann Eafráim, agus mac Ramailiá ceann na Samáire. Ach mura seasann sibhse liomsa, níl seasamh i ndán daoibh.’ ”
Ansin dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: “De bhrí nár chreid sibh go bhféadfainn mé féin a naomhú os comhair súile chlann Iosrael, ní threoróidh sibh an pobal seo isteach sa tír atá á thabhairt agam dóibh.”