Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.
2 Ríthe 7:1 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Eilíseá: “Éistigí le briathar an Tiarna; mar seo a deir an Tiarna: ‘Um an dtaca seo amárach, beidh tomhas den phlúr is míne á dhíol ar sheicil, agus dhá thomhas eorna ar sheicil, ag geata na Samáire.’ ” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An sin a dubhairt Elisa, Eistighsi briathra an TIGHEARNA; Mar so a deir an TIGHEARNA, A márach timchioll na huáiresi reacfuighear miosúr do phlúr fhínealta ar shecel, agus dhá mhiosúr eórna ar shecel, a ngeata Shamária. |
Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.
Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. “Tabhair don phobal é le hithe,” arsa Eilíseá.
Bhí gorta mór sa tSamáir agus bhí an léigear chomh dian go raibh ceann asail á dhíol ar ochtó seicil airgid, agus ceathrú cab [d'iniúin fhiáine] ar chúig seicil airgid.
Ag caint fós leo dósan, shroich [an rí]. “Is léir,” ar sé, “gur ón Tiarna an mí-ádh seo. Cén fáth a mbeadh muinín agam fós as an Tiarna?”
Ansin ghabh na daoine amach agus rinneadar longfort na nArámach a chreachadh. Bhí tomhas den phlúr is míne ar díol ar sheicil agus dhá thomhas eorna ar sheicil mar a dúirt an Tiarna a bheadh.
Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé, ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.
D'fhreagair Maois an pobal: “Bíodh misneach agaibh!” ar sé; “seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís.
“Chuala,” ar sé, “gearáin chlann Iosrael. Abair é seo leo: ‘Idir dhá sholas tráthnóna beidh feoil le hithe agaibh, agus ar maidin líonfar sibh le harán go smig; beidh a fhios agaibh ansin gur mise, an Tiarna, bhur nDia.’ ”
Déanfaidh mé deighilt idir mo phobalsa agus do phobalsa; amárach a tharlóidh an comhartha seo.’ ”
Éistigí le briathar an Tiarna, a thaoisigh Shodom; tugaigí cluas do reacht ár nDé, a phobal Ghomorá!
Dúirt seisean: “Tairngir thar na cnámha seo agus abair leo: A chnámha seargtha, éistigí le briathar an Tiarna.
“Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?”
Dúirt Iósua leis an bpobal: “Naomhaígí sibh féin, óir déanfaidh an Tiarna míorúiltí in bhur measc amárach.”
Agus chuala mé mar a bheadh guth i lár na gceithre dúile beo á rá: “Miosúr cruithneachta ar phingin, agus trí mhiosúr eorna ar phingin; agus ná mill an ola ná an fíon.”
Dúirt siad ansin leis na teachtairí a bhí tagtha: “Abraigí le muintir Iáibéis Gileád: ‘Tiocfar i gcabhair oraibh amárach faoin am a mbeidh teas sa ghrian.’ ” D'imigh na teachtairí agus thugadar an scéala sin go muintir Iáibéis agus chuir sin lúcháir orthu.
Dúirt Samúéil le Sól: “Mise an té a sheol an Tiarna chun tú a ungadh i do rí ar Iosrael, a phobal. Tabhair cluas dá réir sin do bhriathra an Tiarna.