Ba é Námán ceannfort arm rí Arám, agus bhí ard mheas agus gean ag a mháistir air mar is tríd a shaor an Tiarna Arám. Ba chalma an laoch gaile agus ba shaibhir an fear é, ach bhí sé ina lobhar.
Anois do bhí Naaman, caiptín slóigh rígh na Síria, na dhuine mór agá thighearna, agus ro onorach, do bhrígh gur dá thaóibh thug an TIGHEARNA tártháil do Shíria: do bhí sé mar an gcéadna na dhuine neartmhar a ngaisgidh, acht do bhí sé na lobhar.
Go dtaga sí sa mhullach ar Ióáb agus ar theaghlach a athar go léir! Ná raibh teaghlach Ióáb choíche gan daoine le braon ar sileadh, nó le lobhra, nó gan ar a gcumas ach an choigeal a choinneáil, nó iad ag titim ar lár le faobhar claímh, nó ar an ngannchuid bia!”
Lá dá raibh Eilíseá ar a bhealach go Siúnaem, chuir bean uasal a bhí ina cónaí ann tathant air fanacht agus tráth bia a bheith aige ann. As sin amach dhéanadh sé moill i gcónaí le haghaidh béile nuair a thagadh sé an bealach sin.
Bhí ceathrar ag an mbealach chun an gheata - mar lobhair ab ea iad - agus bhíodar ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin: “Cad ab áil linn inár suí anseo ag feitheamh leis an mbás?
Thug an Tiarna fabhar don phobal i súile na nÉigipteach; agus Maois féin, ba dhuine mór le rá é i gcríocha na hÉigipte, i súile shearbhóntaí Fhorainn agus an phobail.
D'fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.”
Agus le heagla go gcuirfeadh na foilsithe iontacha sin an iomarca éirí in airde orm, cuireadh bior sa bheo ionam, teachtaire ó Shátan chun mé a ghreadadh ar shlí nach dtiocfadh aon éirí in airde orm.
Níor fhág sibh gan baint léi ach dúiche chlann Amón amháin, insí uile abhann Iaboc, is é sin, agus cathracha an ardáin, agus cibé áit a choisc an Tiarna ár nDia orainn.