Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




2 Ríthe 3:3 - An Bíobla Naofa 1981

Lean sé áfach den pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát pobal Iosrael, agus níor scar sé leis.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ar a shon sin do théann sé ris na peacadhuibh do rinne Ieroboam mac Nebat, noch thug ar Israel peacadh dhéanamh; mor dhealuigh se riú sin.

Féach an chaibidil



2 Ríthe 3:3
20 Tagairtí Cros  

Níor éirígh Iarobám as a dhrochnósanna i ndiaidh an imeachta sin, ach lean sé air ag ceapadh daoine den choitiantacht arís ina sagairt do na hardionaid. Duine ar bith ar mhian leis é, choisric Iarobám é le bheith ina shagart do na hardionaid.


Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.”


Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d'imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom.


Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna, agus lean sé drochshampla a athar agus rinne aithris ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú.


Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna agus rinne sé aithris ar Iarobám agus ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú.


Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.


Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus níor staon sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, ach lean sé orthu.


Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus lean sé air leis na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, gan éirí astu.


Ach níor éiríodar as na peacaí inar threoraigh Iarobám Iosrael, ach leanadar orthu agus fágadh an cuaille naofa sa tSamáir.)


Rinne sé an t‑olc i súile an Tiarna agus níor scar sé le haon pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.


Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. [Lena linn]


Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne a shinsir. Níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.


Nuair a stoll sé Iosrael ó theaghlach Dháiví, rinne siad rí de Iarobám mac Nabát. Agus sheol Iarobám Iosrael ó lorg an Tiarna agus threoraigh iad isteach i gcoir mhór.


Rinne clann Iosrael aithris ar na peacaí go léir a rinne Iarobám, gan éirí astu,


nó gur chaith an Tiarna Iosrael as a radharc de réir mar a gheall sé trí bhéal a shearbhóntaí go léir, na fáithe. Mar sin atá Iosrael san Asaír ar díbirt óna dtír féin go dtí an lá inniu.


Dhoirt Manaise an oiread sin d'fhuil neamhchiontach gur líon sé Iarúsailéim ó cheann ceann, gan trácht ar na peacaí inar sheol sé Iúdá i dtreo go ndearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.


Agus maidir leis an altóir ag Béitéil, an t‑ardionad a thóg Iarobám mac Nabát an té a threoraigh Iosrael isteach sa pheaca, scartáil sé an altóir sin agus an t‑ardionad agus rinne sé smidiríní dá clocha; agus bhris ina smúit iad. Agus dhóigh sé an cuaille naofa.