1 Ríthe 15:26 - An Bíobla Naofa 198126 Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna, agus lean sé drochshampla a athar agus rinne aithris ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)26 Agus do rinne sé olc a radharc an TIGHEARNA, agus do shiubhail sé a slighe a athar, agus iona pheacadh lé ttug sé ar Israel peacughadh. Féach an chaibidil |
Ina theannta sin, trí bhéal an fháidh Iéahú mac Hanáiní, fógraíodh briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá agus a theaghlach sa chéad áit de bharr a ndearna sé d'olc i láthair an Tiarna, á ghriogadh chun feirge lena ghníomhartha, agus ag teacht ar aon dul le teaghlach Iarobám; agus sa dara háit de bhrí gur scrios sé an teaghlach sin.