Ag tráth ofrála na habhlainne sheas Éilias fáidh chun tosaigh: “A Thiarna, a Dhia Abrahám, Íosác agus Iosrael,” ar seisean, “tabhair le fios dóibh inniu gur tusa is Dia in Iosrael agus gur mise do shearbhónta, agus go ndéarna mé na rudaí seo uile ar ordú uaitse.
Nuair a chuala Móáb go léir go raibh na ríthe tagtha aníos ag cur catha orthu, cuireadh tionól ar gach duine a bhí in ann arm a iompar idir óg is aosta, agus cuireadh in eagar catha iad ar an teorainn.